An Abhainn Mhór (le Séamus Cosgaire)
Ceád slán leat Ab0hainn Mhór, sé mo bhrón gan mé, ‘nocht le do thaoibh.
Nach ioma sin bóithrín caol uaigneach a dul idir mé ‘gu tú.
Is ann a gheobhainn sport trathnóna ‘s go mall tígheacht na h-oíche,
Gloine ar an mbórd agus cúlodar geanamhail le suí.
Tá mo rúitíní gearrtha is ní áirím tá m’ioscaidí faoin,
Is ní fhéadain an mála seo ardú leis an bpian atá I mo dhroim,
Ach le toil Rí na nGrásta ní bhéidh an fán orm ach tamall, is cén bhrí.
I bhfad ó mó cháirde agus níl aít agam a ligfhinn mo scith,
Ach bhéarfaidh mise móide; ‘Sé mo dhoígh mhór nach mbrisfidh mé third,
I gcúlodar ban óg , go deo, deo, nach suidhfiadh mé síos;
Is mé cráidheadh leofa I dtús m’óige
‘S I dtoiseadh mo shaoghail,
‘S iad a sheol mé as Bun-an-Bhóthair
‘S mhúin an t-eolas dom síos go Traighlí.
(Words courtesy of 'Kiltane 2000' by Bridie Quinn)
.